Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce/Wastewater Network Operations Manager

Company: Uisce Éireann

Location: Dublin, Leinster, Ireland

Salary: €84K – €126K a year

Work arrangement: On-site

Employment type: Full-time

Experience: 10+ years

Education: bachelor degree

Posted: 2026-10-28

Responsibilities

The Wastewater Network Operations Manager is responsible for the safe operation, maintenance, and repair of wastewater network assets within a specific region. This role involves managing field-based teams, overseeing budgets, ensuring regulatory compliance, and driving operational efficiency.

Requirements

Candidates should have at least 7 years of post-qualification experience in a managerial role within a utility or regulated industry, ideally involving wastewater or water infrastructure. A relevant third-level qualification in engineering is desirable, along with strong leadership and change management skills.

Skills

  • Wastewater management
  • Operations management
  • Budget management
  • Team leadership
  • Change management
  • Conflict resolution
  • Health and safety compliance
  • Asset maintenance
  • Stakeholder management
  • Infrastructure management
  • Risk assessment
  • Strategic planning
  • Technical reporting
  • Project management
  • Contractor management
  • Regulatory compliance

About this role

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán,
sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas
uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe
ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na
saolta uile a gcothaítear leis.

 

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a
bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar
phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh
as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh
chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann
a chumhachtú.

 

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar
dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus
comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne
agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí
agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a
mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar
a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a
mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach
duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

 

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a
mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil
saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir
luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na
hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a
bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair
sin do na glúnta atá le teacht.

 

An Ról: 

 Is ar an bhfoireann Oibriúcháin agus Cothabhála Fuíolluisce a luíonn an
fhreagracht as seirbhísí oibríochtaí fuíolluisce a sholáthar ar bhonn náisiúnta
trí mheán sócmhainní fuíolluisce a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a
dheisiú.  Tá sainchúram réigiúnach ag an bhFoireann Oibriúcháin agus Cothabhála
Fuíolluisce as bainistíocht oibríochta réigiúnach a dhéanamh ar an líonra
Fuíolluisce agus ar shócmhainní an líonra agus as an soláthar seirbhísí
fuíolluisce a bhaineann leis na freagrachtaí sin trí mheán gníomhaíochtaí
oibríochta, cothabhála agus deisiúcháin, chomh maith le sláinte agus le
sábháilteacht a bhainistiú. Tá an fhoireann freagrach freisin as cur i bhfeidhm
an phlean réigiúnaigh oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin a chuimsíonn cuid
den phlean náisiúnta oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin, a chuireann leis
an méid sin a fhorbairt, a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a fhaomhadh. Is
gné lárnach d’fhreagracht na foirne seo gníomhaíochtaí athraithe agus aistrithe
a bhainistiú, go háirithe sna céimeanna tosaigh agus an fhoireann oibríochtaí
réigiúnach ag scaradh ina bhfoirne ar leith uisce agus fuíolluisce agus déantar
na bealaí oibre a chaighdeánú.

 

Tá sainchúram réigiúnach ag Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce, a
bheidh freagrach do Bhainisteoir Sinsearach Oibríochta agus Cothabhála Réigiúnaí
Fuíolluisce, agus tá an bainisteoir freagrach as soláthar agus feidhmíocht
sheirbhísí an líonra Fuíolluisce a bhainistiú chun caighdeáin maidir le
comhlíonadh Fuíolluisce agus seirbhís do chustaiméirí a chinntiú. Beidh
Bainisteoir an Líonra Fuíolluisce freagrach as oibriú agus cothabháil shábháilte
shócmhainní an líonra Fuíolluisce i réigiún ar leith, chun tionchar ar an
gcomhshaol agus ar chustaiméirí a chosc, fad a chuirtear le feidhmíocht agus le
héifeachtúlacht sócmhainní.

 

Déanfaidh Bainisteoir Oibríochtaí an Líonra Fuíolluisce bainistíocht dhíreach ar
fhoirne allamuigh agus beidh sé/sí freagrach as cur chun feidhme polasaithe agus
nósanna imeachta an Fhostóra maidir le SSCT san Ionad Oibre, Tuairisciú Eachtraí
agus bainistíocht ar Chonraitheoirí Oibríochta atá ag obair ar ár Sócmhainní
agus ar ár Líonraí.

 

Tacóidh sé/sí le cláir SSB agus Mionchaipitil chun a chinntiú go bhfreastalaíonn
an fhoireann Bainistíochta Sócmhainní orthu. Sainaithneoidh siad easnaimh agus
réimsí inar féidir feabhas a bhaint amach i leith caighdeáin oibríochta agus
comhordóidh siad na próisis infheistíochta. 

 

 

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:

 

 

* Na gníomhaíochtaí cothabhála beartaithe agus frithghníomhacha agus
gníomhaíochtaí na bhfoirne deisiúcháin ar fud bhonneagar an líonra
fuíolluisce a bhainistiú.
* Bheith freagrach as bainistíocht agus maoirseacht ar sholáthar éifeachtach
seirbhísí oibríochta i leith Fuíolluisce, faoi thalamh, sa réigiún trí mheán
na sócmhainní agus na foirne oibríochta líonra Fuíolluisce allamuigh a
bhainistiú.
* Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus
cothabhála agus obair deisiúcháin an líonra fuíolluisce, lena n-áirítear
freagairt fhrithghníomhach ar thitim séarach agus baic i bpíobáin agus i
stáisiúin chaidéalúcháin a ghlanadh; oibríochtaí glantacháin, séaraigh,
stáisiúin chaidéalúcháin, comhbhrúiteoirí soghluaiste; slabhraí agus trealamh
ardaithe; scagairí a ghlanadh ar forsceitheadh stáisiún caidéalúcháin;
imscrúduithe agus mion-uasghráduithe; séaraigh lochtacha a cheartú, srl.
* Tacú le Bainisteoirí Príomhchuntas maidir le haon cheisteanna a bhaineann le
Príomhchuntais ina gceantar réigiúnach, lena n-áirítear cuairteanna ar
láithreáin nuair is gá.
* Dul i mbun comhairle le bainistíocht na nÚdarás Áitiúil agus le foirne ÚÁ
nuair a tharlaíonn Teagmhais Tuile agus an t-idirphlé idir an líonra iomlán
UÉ agus líonra séarachais uisce dromchla an Údaráis Áitiúil a bhainistiú. 
* An buiséad foriomlán a leithdháileadh ar fhoirne an Líonra Fuíolluisce a
bhainistiú chun a chinntiú go soláthraítear seirbhísí gan an buiséad a shárú
agus aon riosca do n...

About Uisce Éireann

Utilities · 1,001-5,000 employees · headquartered in Dublin · founded 2013

See all my matches — 2 min, free

More Operations Manager Jobs

244 new Operations Manager jobs were posted this week.

All Operations Manager Jobs →

Get new Operations Manager jobs by email — start free

Other Jobs in Dublin

Before you apply, check your resume against ATS filters for free.